Lá a pósta in 5/7/1953, pósadh ar an Domhnach í féin agus a fear céile Willie istigh i dToraigh. Bhí tae agus ceapairí sa teach acu agus ansin bhí damhsa sa scoil an oíche sin agus bhí craic agus ceol acu go maidin. Bhí bainiseacha a gceiliúradh sna tithe san am sin.